Tithe do Theifigh
Molann iarrthóir Sinn Féin i nGaillimh Vincent Forde, gur chóir go
mbeadh an rialtas teach atá in mí-úsáid le tréimhse blianta áirithe a
ghábhail chuige agus é a dháileadh amach ar ais ar dhuine a bhfuil
díth air nó uirthi le haghaidh teach cónaithe.
Mo lean sibh a theifigh Cosobhá, sibh a tháinig go Corcaí agus go
Ciarraí an tseachtain seo agus didean na hoíche a mbronnadh oraibh i
seanchaisleán athnuaite. Tá go leor fadhbanna romhaibh: teanga,
airgead, ciníochas, cliarlathas agus eile gan an dallamullóg a chur
oraibh go bhfuil caisleáin mar theach cónaí ag na hÉireannaigh nó, go
deimhin, go bhfuil cead ag Éireannaigh dul isteach i bhfórmhór na
gcaisleán in Éirinn fiú.
Beidh na teifigh ag stopadh, de reir tuairiscí RTÉ ag tús na
seachtaine, i seanchaisleán atá i seilbh Oifig na nOibreacha Póiblí
nach raibh teastas sláinte tine aige fós oíche Dé Luain agus na
teifigh ag bordáil na n-éitleán thall. Ar ndóigh, tá go leor a
deirfidh gur chuma teastas sláinte tine do na teifigh agus nach
mbeadh uathu ach áit sábháilte ó bhuamaí NATO agus saighdiúirí
Mhilosovich. B'fhéidir gur cheap duine den Séirbhís Sibhialta nach
mbeadh foirgneamh le cuma níos sábháiltí le fáil thar seancháisleán.
Nó b'fhéidir gur tháinig an smaoineamh faoina caisleáin as
mhíthuiscint nach bhfuil aon áit eile saor, agus ar fáil, seachas a
leithéid.
Ach tá áiteanna eile ann, nach mbeadh leath chomh mhínádúrtha agus a
bheadh caisleán, inarbh fhéidir leis an rialtas na teifigh a chur
agus a mharódh an dhá éan le chéile nó go gcuideodh sé le beocht a
thabhairt ar ais d'áiteanna faoin tuath ag an am céanna.
Meastar go bhfuil timpeall 800 sraidbhaile tréigthe in Éirinn,
sraidbhailte beaga, crosbhóthrúla cuid acu, tréigthe dá bharr
eisimirce agus dífhostaíochta agus tarraing na mbailte móra. Go
deimhin, tá daoine ann a deirfidh leat go bhfuil 800 sraidbhaile
tréigthe i gConnachta féin; agus mura bhfuil, go bhfuil an líon tithe
folmha scaipthe ar fud na Cúige a dhéanfadh 800, nó, 8000 sraidbhaile
dá gcuirfí le chéile iad.
Is annamh gur féidir teacht ar baile fearann, faoin tuath, anois nach
bhfuil tithe folmha ann. Ar ndóigh, tá cuid de na tithe seo ina luí
folamh le fíche bliana agus droch chaoi orthu anois dá bharr na
haimsire, beithigh agus forsa an dúlra. Ach tá go leor acu a bhfuil
cuma agus caoi maith orthu i gcónaí agus nach mbeadh mórán airgid de
dhíth chun leictreachas a athcheangail, nó fuinneog nó sclata briste
a dheisiú ionas go mbeadh teifigh in ann stopadh iontu.
Ach, a deirfidh an rialta, ní tithe tréigthe iad na tithe seo: is le
duine éigin gach teach acu, duine áirithe a thiocfaidh ar ais ag lorg
an tí ar ais lá éigin. Agus ní féidir leis an rialtas aon rud a
dhéanamh faoi sin, a deirtear.
Is scanall é go bhuil an liosta feithimh um tithíochta ag fás i ngach
baile in Éirinn a fhad a's go bhfuil na tithe seo ina luí, folamh,
treigthe, agus ag dul i meath ar fud na tíre. Molann iarrthóir Sinn
Féin i nGaillimh Vincent Forde, gur chóir go mbeadh an rialtas teach
atá in mí-úsáid le tréimhse blianta áirithe a ghábhail chuige agus é
a dháileadh amach ar ais ar dhuine a bhfuil díth air nó uirthi le
haghaidh teach cónaithe. Déanfaí é seo faoi acht um feirmeacha
tréigthe agus talamh a athdháileadh ar dhaoine a bhfuil se de dhíth
orthu mar thithe cónaithe. Ar ndóigh, tá go leor leor impleachtaí
seilbhe i bpleán cosúil le sin, agus tá seans ann go saródh pleán mar
é an bhunreacht. Ach níl aon fath ann nach féidir leis an rialtas an
pleán a scrúdú le tithe gearrthéarmacha do na teifigh faoi chaibidil
acu. Níor chóir go mbeadh tithe ina luí folamh, agus titim as a
chéile dá bharr faillí.
Ní hionann cás na dteifeach agus cás lucht an liosta feithimh i
mBaile Atha Cliath, nó Corcaigh nó bailte eile. Níl éinne ag moladh
go mbeadh ar dhaoine an príomhchathair a fhágáil chun seanteach
iarghúlta a líonadh i gConamara. Ach tá na teifigh saor ó fhréamhacha
in Éirinn agus rachaidh siad a seolfar iad.
Ba cheart seilbh a ghlacadh ar chuid des na tithe folmha anois agus
deis a thabhairt do na teifigh bheith páirt den chomhphobal in ionad
bheith scartha ón phobal i gCaisleán na nGall. Mura ndéanfar sin,
tiocfaidh na daoine bochta as an caisleán lá breá amach anseo agus
tcífidh siad na mílte tithe tréigthe mórthimpeall orthu. Sílfidh siad
go bhfuil siad ar ais i gCosobhá.
Manannaigh ag dréim le briseadh le Sasana
Agus seoladh pharlaimint na hAlban agus chomhthionól náisiúnta na
Breataine Bige go mór a nuacht an tseachtain seo ní miste breathnú
ar thír eile sna hoileáin seo a bhfuil gleic náisiúnta ar siúl inti.
Sin Manainn, oileán sa Mhuir Meann, tír dhúchais na tríú Gaeilge, an
Mhanannais.Bhí uachtarán Chomhdháil Cheardchumann Mhanann, (atá
aitheanta mar chomhdháil náisiúnta ar leith ag an Eagraíocht
Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv), Bernard Moffatt, ina
aoíchainteoir ag cruinniú den Chomhaontas Ceilteach i gColáiste na
Tríonóide le déanaí. Tá Moffatt ina leaschathaoirleach ar pháirtí
náisiúnaíoch Mhanann, Mec Vannin [Mic Mhanann] agus ina ardrúnaí ar
an gConradh Ceilteach. Tháinig an ghluaiseacht náisiúnta Mhanannach
ar an bhfód ag an tráth céanna le bláthú ghluaiseacht na Gaeilge céad
bliain ó shin. Cé gur ghlac an ghluaiseacht Éireannach bóthar na
polaitíochta uirthi féin d'fhan an athbheochan Mhanannach ina cló
cúltúrtha amháin go dtí na 1960í nuair a bunaíodh Mec Vannin.
Chuir an cumann sin roimhe neamhspleáchas a bhaint amach. Ag an tráth
sin ba shlánaonad coilíneach é Manainn a cheil a dhúchas féin. Bhíodh
Dúlais, an ceannbhaile, clúdaithe leis an Union Jack agus bhíodh
naimhdeas ag go leor de na Manannaigh féin don Mhanannais agus don
fhéiniúlacht Mhanannach. Bhíodh an nimh san fheoil ag daoine do Mec
Vannin. Eascraíonn fuath as eagla agus bíonn eagla an domhain ar
phobal coilínithe roimh shaoirse. Ach d'imigh sin agus tháinig seo.
Is beag d'Aprún an Bhúistéara atá le feiceáil ar phromanád Dhúlaise i
mbliana agus tá polaiteoirí den ``lár'' ag caint go fabhrach faoi
neamhspleáchas.
Tá stampaí agus nótaí dá chuid féin ag Manainn anois agus feictear
comharthaí Manannaise ar bhóithre agus sráideanna, ar árais agus ar
fheithiclí. Fós féin tá stádas fíoraisteach ag Manainn i gcúrsaí
bunreachta. Spleáchríoch Corónach é nach bhfuil sa Ríocht Aontaithe
ná san Aontas Eorpach. Tá ``oireachtas'' Mhanann, Tynwald, comhdhéanta
as an Thie Keere Feed [House of Keys] (24 comhaltaí tofa ag an
bpobal) agus an Chomhairle Reachtais (naonúr neamhthofa). Is é monarc
Shasana faoin teideal ``Tiarna Mhanann'' an ceann stáit, socrú a
thugann cúis do rialtas Londan a ladar a chur isteach i gcúrsaí
inmheánach an oileáin trí ``Orduithe sa Chomhairle.'' Ar an gcaoi
choilíneach sin tugtar isteach ó thráth go chéile gnéithe de dhlí
Shasana agus, níos minice na laethanta seo, rialacháin de chuid
Aontas na hEorpa.
Bíonn Manainn taobh thiar i gcónaí d'fhoráis agus cearta i gcúrsaí
dlí a ndéantar talamh slán díobh ar fud iarthar na hEorpa. Níl ann
ach le déanaí a cuireadh pianós an bháis ar ceal ar an oileán. Níl sé
chomh fada sin ó shin ó bhí sé de rogha ag na deemsters (breithiúna)
an slat beithe a úsáid mar phianós. I láthair na huaire tá dlíthe in
aghaidh chleachtadh an hómaighnéasachais á n-aisghairm. Agus an
ghleic armtha ar siúl in Éirinn rinneadh aithris i Manainn ar gach
dlí smachtúil a tugadh isteach sa Bhreatain ach níor léiríodh aon
díograis le heiseamláir Westminster a leanacht nuair a bhí
reachtaíocht fhorásach i gceist i gcúrsaí sóisialta. Bíonn an leagan
amach ar chúrsaí ceartais, airgeadais agus rialtais áitiúil i Manainn
éagsúil go maith ón Ríocht Aontaithe ach ní i gcónaí a bhíonn an
leagan amach sin le moladh. Is é a deir D.C. Kermode (in Devolution
at Work, University of Liverpool Press) gurb é atá i gcóras rialtais
an oileáin ``the best and worst that devolution can offer.'' Níl ach
tuairim is 1% de ráta dífhostaíochta ag Manainn - an ``tíogairín
Ceilteach''? - ach bíonn na tuarastail i gcoitinne íseal agus an
costas maireachtála ard. Is ábhar gearáin é gur ag daoine ón taobh
amuigh - suasóga Éireannacha orthu - atá na poist is airde
tuarastail. Agus é ag labhairt i gColáiste na Tríonóide ní dhearna
Bernard Moffatt a dhá leath de gur mian le Mec Vannin gach ceangal le
coróin Shasana a bhriseadh agus poblacht a bhunú. ``Irree seose
Vannin'' [Éirigh suas, a Mhanainn] is mana don pháirtí. Ní bocht an
aisling í Éire, Albain agus Manainn araon saor agus iad i gcomhaontas
le chéile.
Colm de Faoite