Feachtas Mac Giolla Bríde
I ndiaidh d'fheachtas 12 bhliana a chur isteacht in
aghaidh na Comhluchta Ford Motors sna Stáit Aontaithe,
d'éirigh leis an Irish National Caucus go leor brú a
tharraing ar an Chomhlucht Idirnáisiúnta gur chinn Ford
an tseachtain seo go nglacfaidís leis na Prionsabail
Mhic Giolla Bhríde. Bhí an INC ag eagrú baghcat i
gcoinne Ford ag éileamh go síneodh bainistíocht na
Comhluchta na Prionsabail. B'é Seán Mac Giolla Bríde a
scríobh na Prionsabail chun stop a chur le tionscail
Mheiriceanach ag `maoineadh claonpháirtíochta' sna Sé
Chontae.
Ciontaíodh Ford go minic thar na blianta as seicteachas
ina mhonarcha ar Bhóthar an Fhionnachaidh. I gcás
áirithe amháin gearradh píonós £40 000 orthu nuair a
fuarthas amach go raibhh triúr den bhainistíocht
sinsireacht ag cur fianaise i bhfolach go raibh
claonadh déanta in aghaidh oibrí caitlicigh. Le breis
agus trí bhliana bhí `lipeadú' air, gur `caitliceach
gníomhach' é.
Cuireadh na prionsabail ar bhun ar dtús ar iarratas ón
INC i 1984 agus tá Ford ar an 42ú comhlucht síniú leo,
i ndiaidh don INC tionchar a imirt ar dhíolacháin Ford
sna Stáit. Agus ag fógairt deireadh leis an bhaghcat,
dúirt an tAth Seán Mac Manus rach raibh amhras riamh
air ach go síneodh an comhlucht leis na prionsabail lá
eicint. `Ní raibh ann ach brú leanúnach a choinneáill
orthu.
Agus chur Cisteoir Chathair Nua Eabhrach, Alan G Hevesí
fáilte roimh an nuacht ag rá `go gcuireann an síniú seo
teachtaireacht láidir amach nach ngeillfí do chlaonadh
seicteach riamh'.
Caipitealachas ag saothrú a bháis féin
Ní minic a thugtar aird ar ilghnéitheacht an phobail
Iaránaigh ar deoraíocht. Tá an pobal sin ar aon dul
leis an diaspora Rúiseach céad bliain ó shin nó leis na
deoraithe ón nGearmáin trí scór bliain ó shin. Pobal é
a bhfuil an smaointeoireacht réabhlóideach faoi bhláth
ann. Comhartha sóirt de sin is ea an leagan
neamhfhoilsithe Fairsise d'ardleabhar István Mészáros,
Beyond Capital: Towards a theory of transition (Merlin
Press, Londain, 1995). (An Dr Morteza Mohit a chuir
Fairsis air.)
Tá réamhrá speisialta scríofa ag an Dr Mészáros don
leagan Fairsise seo. Meabhraíonn sé dá lucht léite
Iaránach go dtagann daorsmacht an chaipitil i
gcruthanna éagsúla ón gcaipitealachas príobháideach a
bhfuil taithí againn air san Iarthar go dtí go dtí an
dialathas atá i réim san Iaráin agus tíortha áirithe
eile. Lascann an t-údar polaiteoirí, idé-eolaithe na
``Deise Radacaí'' agus maorlathaigh iarchaipitealaíocha
ach díríonn sé an cáineadh is géire orthusan a dtugann
sé ``trasfheisteoirí polaitiúla'' orthu. New Labour
Shasana an sampla is túisce díobhsan a ritheann leis
ach tá teacht ar a leithéid i ngach tír.
Iarollamh le fealsúnacht in Ollscoil Sussex é an Dr
Mészáros, Ungárach. Foilsíodh cheana tuairisc le Neil
Forde in An Phoblacht (5 Márta) ar léacht a thug
Mészáros i mBaile Atha Cliath le déanaí.
Lochtaíonn an Dr Mészáros an téarma ``ilnáisiúntach.'' Is
cruinne go mór, dar leis, an focal ``trasnáisiúntach.''
Is éard a bhíonn i gceist againn le hilnáisúntach de
ghnáth cuideachta Mheiriceánach (nó Sasanach nó
Dúitseach nó Seapánach) a bhíonn i mbun táirgíochta ar
scála domhanda. Ní bhíonn aon rud ``ilnáisiúnta'' faoi
úinéireacht na cuideachta go hiondúil. Is de dhlúth
agus d'inneach an chórais chaipitealaíoch é an stát
nua-aimseartha ar stát náisiúnta é ó bhonn. Sin ceann
de na codarsnachtaí atá faoin Aontas Eorpach.
Bíonn codarsnacht ann freisin idir an stát náisiúnta
agus domhandú an gheilleagair. Náisiúnachas
eacnamaíocha callánacha na Meiriceánach atá taobh thiar
den domhandú. Faoi mar a d'admhaigh urlabhraí de chuid
Washington tráth: ``the business of the American
government is to protect American business.''
Is í saintréith an chaipitealachais i súile Mészáros go
ndéantar trádearra de shaothar an duine. ``Outrage'' a
thugann sé ar a leithéid mar go gcuirtear saothar
daoine daonna ar aon chéim le déantáin. Sheol
Gorbaitiof trádearrú an tsaothair san Aontas
Sóivéadach. Ní tír chaipitealaíoch a bhí san Aontas
Sóivéadach go dtí sin. Dar le Mészáros níor
chleachtaíodh an caipitealachas stáit ann fiú. Bhí an
ceart chun oibre ag an uile oibrí go dtí ré
Ghorbaitiof.
Is í tuairim Mészaros nach ionann géarchéim an lae
inniu agus na géarchéimeanna timthriallacha a bhí faoin
gcaipitealachas go dtí seo ach géarchéim struchtúrtha
faoin gcóras caipitil féin. Deir sé: ``In the years
ahead of us the structural crisis of capital ... is
bound to get deeper. It is also bound to reverberate
across the globe, even in the most remote corners of
the world, affecting every aspect of life, from the
directly material reproductive dimensions to the most
mediated intellectual and cultural concerns.'' Dúshlán
dúinn é seo. Dúshlán agus deis.
Colm de Faoite
Is iontach, uaireanta, na háiteanna ina bhfaighfeá
rudaí nach mbeifeá ag dual. An tseachtain seo chuaigh
thart, mar shampa, d'fhoilsigh spás-eolaithe NASA an
scéal go raibh siad ina dhiaidh aimsiú go bhfuil uisce
ar thlacht na gealaí. Uisce, go deimhin. Ní nach
ionadh gur léim an bó thar... ní raibh an créatúr bocht
in ann snámh.
Bhuel, níl aon amhras ná go raibh an leithéid de scéal
iontach suimiúil, agus spreag sé na hiriseoirí lena
mbluiriní nuachta faoi chóilíniú agus cóilínigh agus
laethanta saoire ar an ghealach... Ní gá domh a rá gur
fada an scuaine de dhaoine soineanta a bheas ag
iarraidh na laethanta saoire seo a cheannacht, cé nach
bhfuil a leithéid de rud ann fós. Ní nós
nua-aimseartha é an coibhneas idir gealach agus gealt
nó lunar agus looney.
Agus ansin bhí cás Peter Mc Clay agus Gregory Campbell.
Tá Peter Mc Clay cosúil le huisce na gealaí, ní bheifeá
ag dual lena leithéid a aimsiú san áit ina n-aimsítear
é.
Tá Peter Mc Clay sna Blocanna H, agus tá beagnach
deich mbliain caite aige ansin. Cé nár cuireadh faoi
ghlas é go dtí deireadh na n-ochtóidí, shíneann na
cúiseanna a cuireadh ina aghaidh siar go dtí lár na
seachtóidí nuair a mharaigh sé beirt náisiúnach
cóngarach do Dhoire. Bhí go leor cúiseanna eile ina
léith, chomh maith, ach gearradh téarma saoil air. Bhí
sé ina bhall den UDA/UFF agus chuaigh sé isteach i
sciatháin an dream sin lena am a chur isteach ina
dhiaidh a dhaortha. Agus níor chualathas aon rud eile
uaidh ná faoi go dtí an tseachtain seo chuaigh thart
nuair a chuir Gregory Campbell a ladar isteach sa
scéal.
Mar a bheifeá ag smaoineadh, tá Gregory - ardbhall den
DUP - glan in aghaidh fóiréigin. Is iomaí uair a
luaigh sé a fhreasúra ar fhóiréigin thar na blianta.
Fóiréigin a thagann ó lámha na bPoblachtánach ach go
háirithe, ach ar ndóigh in intinn claonta Ghregory ní
thagann fóiréigin ó áit ar bith eile.
Ach níor chóir go mbeadh iontas ar dhaoine go raibh
Gregory ag scaoileadh ráitis ar son Peter, nó tá Peter,
de réir a sheanchara Gregory, ina fhear athraithe
anois. Agus dar le Gregory, a dhiúltaíonn amach agus
amach tacaíocht a thabhairt d'aon éilimh cimí a
scaoileadh saor, agus a deireann nár chóir d'éinne
laghdú ama a fháil, dar leis go bhfuil sé in am anois
Peter Mc Clay a ligint saor. Ach tá cás Mc Clay
`difriúil' dar le Gregory.
Éiríonn a scéal rud beag cásta nó bhí Peter bainte leis
an UDA agus ní réitíonn an DUP leis an UDA a
thuilleadh. Ní chuirfeadh sé iontas ar dhaoine, de
bhrí sin, go mbeadh ar Mc Clay a fhréamhacha a
stoitheadh agus cur faoi arís in ithir níos óiriúnaí
don DUP, agus cá bhfuighféa ithir mar é i ngaineamh
fásach an Ceise Fada ach i talún meath an sciatháin
LVF. Ionas gurbh fhéidir leis an DUP, agus Gregory
Campbell, tacaíocht a thabhairt do chás Peter Mc Clay,
bheadh air a bhogadh isteach leis na dílseoirí
`neamhthruaillithe'.
ois - ionas gur féidir leis an DUP tacaíocht a
thabhairt d'fheachtas chun duine atá críochnaithe le
fóiréigin, gluaiseann an síochánaithe athbhreithe go
dtí croílár na ndilseoirí is fóiréigní. Curiouser agus
curiouser, go deimhin. Agus don té a chreideann sin
uilig, ólfaidh sé uisce na gealaí nuair a thiteann tart
air. Tá an dá rud cothrom i meá na hinchreidteachta,
fiú mura bhfeiceann Campbell íorón ar bith sa scéal.