Lón daonnachta ó dhuine d'fhilí móra an ghrá
Saoi é Pearse Hutchinson (fiú muna bhfuil an Torc aige fós) -
fear eagna, fear léinn agus ollamh le deisbhéalaíocht.
Idirnáisiúnaí é - agus ilnáisiúnaí.
Rugadh Pearse i nGlaschú (mar ar baisteadh William Patrick Henry
Pearse air) agus is mór leis oidhreacht thír a bhreithe gona trí
hurlabhra. Tá dúchas na Catalóine ann freisin - ina intinn, ina
bhéascna agus ar a theanga - ó chaith sé tamall de bhlianta ina
chónaí in Barcelona. Nuair a shiúlann Pearse isteach i seomra
cois Life blaiseann tú teas ghrian na Meánmhara agus cloiseann
monuar na Cluaidhe.
Is botún é a cheapadh gur rud docht meitifisiciúil í an
náisiúnacht agus nach féidir le duine a bheith páirteach i níos
mó ná náisiúnacht amháin. Is amhlaidh maidir le dílseacht. Níl
aon choimhlint sa deireadh thiar thall idir dílseacht do
chosmhuintir tíre agus do chosmhuintir tíre eile. Ceist eile ar
fad é dílseacht do státchórais nó d'aicmí tiarnais.
Is ag Pearse Hutchinson atá an glór is áille in Éirinn. Cuireann
sé blas agus lí ar gach focal. Craoltóir den scoth é. Bhíodh
sraith sheachtainiúil ar an raidió aige tráth, Oró Domhnaigh! Tar
éis duit a bheith ag éisteacht le Pearse ag cur síos ar áit, ar
dhuine nó ar imeacht chreidfeá go raibh an áit feicthe agat, gur
labhair tú leis an duine nó go raibh tú páirteach san imeacht. Is
beag craoltóir a bhfuil an cumas sin ann.
Bíonn tour de force de cholún Gaeilge le Pearse gach seachtain
san RTÉ Guide, an foilseachán is mó díolaíochta in Éirinn. Is
aisteach liom bliain i ndiaidh bliana nach luaitear Pearse i
nduaiseanna iriseoireachta an Oireachtais.
Tá deich gcnuasach ar a laghad d'fhilíocht Hutchinson foilsithe,
idir Ghaeilge agus Bhéarla, gan trácht ar corpus d'aistriúcháin
ón gCaistilis, Catalóinis, Gailis, Iodáilis agus eile. A
bhuíochas do Chló Iar-Chonnachta tá rogha de na dánta is fearr ó
pheann Pearse curtha ar fáil ar chaiséad.
Grámhaireacht an tréith is mó i bhfilíocht Pearse, grá don duine,
do náisiún agus do theangacha. Agus an áit a mbíonn grá bíonn
fuath, an fuath naofa sin a chloíonn an éagóir mhór agus an
éagóir shuarach, an cos ar bolg agus an phostúlacht shotalach.
Is é ``British Justice'' (``For Paddy Joe Hill'') an dán is gaire ar
an gcaiséad.
``For British read English,
For Justice read Law.''
Ní fhéadfá míniú níos grinne ná níos iomláine a thabhairt ar an
scéal dá mbeifeá ag scríobh go lá Philib an Chleite.
Insíonn Pearse in ``Odessa'' mar a mhaslaítí é tráth i mBaile Atha
Cliath toisc go gceaptaí gur Giúdach é (i ngeall ar a shrón - nó
arbh í a fhéasóg nó a bhéal Hapsburgach?) Faraor, tá an ciníochas
in Éirinn imithe in olcas ó shin. Is náire shaolta é.
Caoineann Pearse a chara cléibh agus compánach dílis, Alan
Biddle, fear de bhunadh Protastúnach sna hArda, cois Loch Cuain,
a tógadh ar na Norfolk Broads. Chas Alan le Pearse in Ollscoil
Leeds (mar a raibh Pearse ina chomhalta cónaitheach). Tháinig
Alan go Baile Atha Cliath i 1974 le haghaidh saoire choicíse agus
d'fhan sé go lá a bháis scór bliain níos déanaí, ina chomrádaí
dílis - ``my lost dear'' - le Pearse. Tá caoineadh sa chnuasach
freisin ar Justin O'Mahony, file, ceoltóir sráide, éaneolaí,
garraíodóir agus fear álainn agus ar Chaitlín Maude, sáramhránaí
sean-nóis agus bean a bhíodh ag pléascadh le brí na beatha.
Is breá le Pearse an leagan Ciarraíoch ``leanbh ón ngréin'' ar
pháiste suirí agus deir sé:
``Más gráin leat leanbh ón ngréin
is gráinn leat an ghrian féin.
Más fuath libh leanbh ón ngréin
is fuath libh Dia féin.''
Níl grá Pearse don bheatha teoranta don chine daonna amháin mar a
léiríonn sé sa dán neas-Bhúdaíoch ``Feithid'': ``bás beag ...bás
chomh trom le mo bhás féin.''
Tá 21 dánta Gaeilge agus 16 cinn i mBéarla ar an gcaiséad, Pearse
Hutchinson Dánta Poems. Déan t'anam agus éist leis ina iomláine.
Muna féidir leat teacht air sna siopaí déan fiosrú leis na
foilsitheoirí, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Co na Gaillimhe
(091-593307).
Rabhadh: Tá baol briste ar t'easnacha teann gáire sa dán ``A True
Tale of the Class War.''
Colm de Faoite
Glór Bréagach
Má bhí comhartha de dhíth den mheon a thaispáineoidh David
Trimble i leith na Gaeilge sa Tionól nua, amach anseo, bhí sampla
maith de le feiceáil Dé Máirt i rith an chláir teilifíse, `Lets
Talk'.
Cuireadh ceist ar Thrimble fa' dtaobh an dóigh go ndéanfadh sé
forbairt ar an Ghaeilge, agus cinntiú go mbeadh an stadas cuí
aici - rud, ní mór a rá, atá scríofa isteach i gCaipéis Aoine an
Chéasta. Ceist simplí, neamhúrchóideach a bhí ann, agus ceist,
dar leat, a bheirfeadh seans do a léiriú go bhfuil sé ag iarraidh
síneadh amach chuig an pobal náisiúnach. Ach dá gceapfá amhlaidh,
bheadh díoma i ndán duit.
``What about Ullans?'' arsa Trimble, drannadh agus cár air, a gcuid
fiacla á nochtú, ag freagairt na ceiste le ceist eile, ceist
chosantach, ceist a thaispeán nach bhfuil sé chun rud ar bith a
dhéanamh chun chomhstadas a thacú don Ghaeilge.
Tá breis agus 150 000 a labhraíonn Ullans, macasamhail `Ulaidh'
den Lallans, de réir le Trimble, agus ní amháin go labhraíonn,
ach go labhraíonn siad é go líofa. Ní bhíonn a gcearta teangan ag
na daoine seo ach oiread, dar le Trimble.
150 000. Is líon iontach é, pobal ar leith, agus tabhair fa'
deara go bhfuil sé níos mó ná an figiúir de 140 000 a dúirt, sa
daonaireamh is déanaí ó Thuaidh, go bhfuil Gaeilge acu. Ciallann
sé, de réir na stataisticí, go bhfuil duine as gach deichniúr sna
Sé Chontae a labhraíonn Ullans. Chreidfeá go gcasfá orthu, nó ar
dhuine nó bheirt acu, ó am go ham, nach gcreidfeá? Creidfeá go
mbeadh leabhar nó dó, nó nuachtán fiú, i gcló sa Ullans. Creidfeá
go mbeadh éilimh de shaghas éigin eagraithe acu; go mbeadh
iarracht inteacht lena dteanga a chur ar learscáil na dteangacha;
go mbeadh tionchar de chinéal éigin ag teanga chomh foirleathan
sin ar shochaí chomhchung le sochaí na Sé Chontae. Ach níl.
Seachas, b'fhéidir, in aigne an léithéid de Thrimble nó John
Taylor.
Ina áit tionchair, tá ciúnas. Tá, ar ndóigh, blasanna éagsúla, ar
fud na Sé Chontae, mar atá blasanna éagsúla ar fud na tíre. Is
féidir le cuairteoir nó duine le spéis i gcanúintí leabhair a
cheannacht a bheireann samplaí d'abairtí áitiúla i
mBéarla/Gaeilge na Sé Chontae ach is léir go mbeifeá ag déanamh
botúin - agus áibhéile - `teanga' a chruthú as na nathanna cainte
sin, nó an fhoghraíocht áitiúil. Níl ann ach modh cainte. I gcuid
dena nuachtáin áitiúla, mar shampla, ní chlóbhuailtear an focal
`Mc' in ainmneach. Léifeá M'Dole in ionad McDole. Ach an
gciallann sé sin gur teanga ar léith í? Nó an fíre a rá gur nós
áitiúil atá ann, litriú ag leanúint ar fhuaimiú ainme? Ní dóigh
liom é.
`Sí an miotas seo fa' dtaobh `Ullans' ar an scadán rua is déanaí
ó na haontachtóirí, iad ag iarraidh ceisteanna bunusacha faoi
chearta a sheachaint fríd `cúiseanna' breagacha a chumadh. Agus
nochtaigh Trimble a smaointe fa' dtaobh na Gaeilge nuair a
d'ardaigh sé `ceist' an Ullans. Ach nochtaigh sé chomh maith nach
bhfuil aon athrú fós ann, agus go bhfuil sé ag iarraidh rogha
agus togha na caipéise a phiocadh fós: `Sí an fhadhb atá againn
leis an Ghaeilge' arsa sé `ná go bhfuil na heagraíochtaí seo ag
obair do chlár in áirithe.' Níor dhúirt sé cén chlár é sin, nó
níor chríochnaigh sé an abairt. In ionad sin, tharraing sé scadán
rua eile isteach. `In any case' arsa sé `they're not even
promoting Ulster Gaelic.' Ulster Gaelic, mar dhea.
Tar eis blianta de shéanadh cearta, de dhiultú deontais do
scoileanna, de dhaoine a chiapadh mar gheall ar a n-ainmneacha
Gaeilge, de mhasla agus fonóid a dhéanamh den teanga, tá Trimble
ag insint dúinn anois nach bhfuil daoine ag cur `Ulster Gaelic'
chun chinn. Caidé an focal Ullans d'amadán?