Déantóirí agus caiteoirí na mboscaí
Fadhb timpeallachta ar a bhfuil smacht iomlán ag daoine
ar an talamh
Le Eoghan Mac Cormaic
NOLLIAG Shona? An raibh laethanta saoire maithe agat?
Agus an bhfuair tú go leor bronntanais? Rudaí nua,
rudaí ceannaithe, rudaí i mboscaí?
Faoin am seo, má's duine meánach thú i measc an daonra,
beidh na boscaí Nollag a fuair tú caite sa bhruascar.
Agus nuair a deirim boscaí ciallaím boscaí. Boscaí as
cárta. Boscaí plaisteacha. Boscaí polystyrene. Boscaí a
coinníonn rudaí istigh iontu, agus boscaí a choinníonn
boscaí eile iontu le rudaí iontu ... srl.
Tá daoine amuigh ansin a chreideann i mboscaí do gach
rud, agus tá daoine eile nach gcreideann. Daoine atá
iontach amhrasach futhu. Daoine atá ag iarraidh na
faidhbe seo a réiteach. Daoine atá chun seasamh in
aghaidh aois seo na mboscaí Síneacha.
Is fiú agus is tráthúil, um Nollag, bheith ag scrudú an
mhéad pacáiste a chludaíonn agus a phluchtaíonn ár saol
na linne seo.
Nuair atá na lámha beaga ag stroiceadh agus ag tarraing
an pháipéir, phlaistigh agus cludaithe eile de na
beartanna agus bronntanais Nollaig, agus nuair atá na
lámha eile ag brú agus ag rolladh an pháipéir agus
phlaisitigh ina liathróidí bruascair, ar stop tú riamh
le smaoineadh cá áit a téann sé ar fad?
Arbh í an fhadhb amháin a chonaic tú ná go raibh an
iomarca bruscar agat (go pearsanta) le dul isteach sa
ghabhdán ag bun an chlóis? Agus ar chreid tú go mbeadh
réiteach ann do d'fhadhbanna nuair a thiocfadh an
bailitheoir bruscair timpeall maidin Luain nó Márta?
tseachtain seo chuaigh thart, agus an bhliain úr ag
maidneachain, chruinnigh dream daoine taobh amuigh
d'ionad `líonadh talúin' i mBaile Átha Cliath ag
déanamh agóid nár dhruid an rialtas an suíomh seo ar
gheall siad a dúnfaí.
`Seard atá ann i suíomh `líonadh talúin' ná carn mór
bruscar, a fhasann le blianta, ag scriosadh an radharc,
ag clúdach agus ag cur i bhfolach ag stuif go léir atá
faoi. Cuirtear `líonadh talúin' ar na suíomhanna seo,
agus is minice gur `líonadh aeir' atá iontu.
In ionad sean quarries a líonadh isteach, tá beagnach
céad suíomh ar fud na tíre a thosaigh a saol ar talamh
clárach agus a d'fhás agus a d'fhás. Níl a fhios ag
éinne cén dochar atá á dhéanamh ag an bruascar agus an
nimh atá ag síleadh amach faoin chludach isteach san
ithir agus sna haibhneacha agus is féidir linn buille
faoi thuairim a dhéanamh faoi.
Cé tá freagrach as seo? Rialtais? Lucht Gnó? Lucht
déanta na mboscaí? Nó mise agus tusa as an rud a
fhulaing?
Tá an fhadhb seo ag fás le gach glúin ach níl go leor
maoin ná spás againn an soláthar a athnuachaint. Is
léir é sin, agus is sóiléire fós nach bhfuil na bealaí
chun fáil réidh leis an bruscar, líonadh talúin,
loiscneoirí srl, ag réiteach na faidhbe. Tosaíonn an
fhadhb linn, nó is sinne atá ag ceannacht an stuif seo.
Caithfidmid beart radacach a dhéanamh faoi, agus an
iomarca cludaithe a dhiultú.
Fanann Mic Léinn Ollscoil na Banríona ar atháitiú na
gcomharthaí Gaeilge
le Marcas Mac Ruairí
LE BRU mór ar Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na
Banríona leis na comharthaí dhátheangach a ardú arís,
moladh na gcuirfear an Ghaeilge faoi chois arís.
Cuireadh na comharhaí suas deich mbliana ó shin nuair a
vótáil na mic léinn ar son polasaí dátheangach. Ach le
blianta beaga anus tá dílseoirí ag éirí deireadh a chur
leis an pholasaí.
Ach ag éirí aire a dhíriú ar siúl óna dtaifead
fostaíochta i gcoinne Caitliceach, thosaigh an Ollscoil
féin ag cur brú ar an Aontas agus d'fhoilsigh sí
tuairisc a rá gur chothaigh na comharthaí `chill
factor' do Protastúnaigh. Dúirt an tuairisc go
gcuireann na comharhaí as do Phrotastúnaigh jabanna a
ghlacadh san Aontas.
I rith an tSamhraidh, nuair nach raibh min léinn ann,
glacadh síos iad agus gan na mic léinn i láthair.
Ach i Mí na Nollag bhí reifreann ar an cheist inar
chaitheadh an meid is mó vótaí is a chaitheadh ariamh i
reifreann ar bith i stair na ollscoile. Thacaigh trí
cheathrú do na mic léinn leis an rún: ``We the students
at the Queens' Universitry of Belfast believe that the
inclusive bilingual signs are a vital part of any
bilingual policy. We therefore demand the immediate
reinstatement of the Irish/English bilingual signs.''
D'ainneoin seo, tá ráite ag Seanad na hOllscoile go
gcuirfidh sé i gcoinne an tsocraithe.
Tá tacaíocht faighte ón Fair Employment Commission a
dúirt ag an am, ``These signs in no way facilitated the
spread of the use of the Irish language.''
Ach nuair a bhuaigh tacadóirí na gcomharthaí an
reifreann tugadh treoir éigeantach don Aontas a dtoil
daonlathach a chur i gcríoch.
I ndiaidh blianta de bheith mar theanga gan aithint, tá
buaradh amuigh go gcuirfear faoi cois arís í má
ghlactar go forlathan leis an chinneadh seo.
Tá gníomhaithe teanga buartha gurb é an toradh a bheadh
ar mheon an Seanad na teanga a choimhead taobh istigh
na ranganna agus gan tuigbheáil ag an Choimisiún gurb é
bunús teanga ar bith ná cumarsáid a dhéanamh.
Ag cosaint FEC, dúirt a Phreas Oifig Denis Godfrey, ``We
were asked to look at a specific set of circumstances.
Our analysis is not to to say that langage and every
manifestation of culture would contravene fair
employment practices. Irish signs are not illegal.
Ag freagairt air seo dúirt Cathaoirleach Sinn Féin sna
Sé Chontae, Gearóid O hEara, ``Caithfidh an Aontas
glacadh le toil na mic léinn anois.''
``D'fhulaing an Ghaeilge le blianta faoi rialtas
Stormont agus ní féidir ligean do sin tarlú arís. Ní
rud polaitiúil é an Ghaeilge.
``Ba chóir don FEC dul ar ais chuig an chlár dubh.
Thiocfadh le mol mór cúiseanna bheith ar chúl an easpa
Protastúnaigh san Aontas agus caithfidh an cheist a
scrudú le meon oscailte.''
Ruaigtear gáirsiúlacht an chiníochais!
Le Colm de Faoite
Le blianta beaga anuas tá gradam - faoi dheireadh - á
thabhairt don Diaspora Éireannach. Cé hiad pobal an
Diaspora sin ach sliocht teifeach, idir theifigh
pholaitiúla agus eacnamaíocha. I gcomhthéacs na staire
sin tá sé domhaite go bhfuil polasaí ciníoch maidir le
hinimircigh ag an stát Éireannach.
Nuair a thagann na báid fharantóireachta i dtír i
gcalafoirt na 26 Contae téann gardaí agus
feidhmeannaigh stáit eile ar bord agus cuireann siad
paisinéirí a bhfuil éadan dubh, donn nó buí orthu i
leataobh fad is a ligtear na daoine ``geala'' chun siúil.
Téann gardaí isteach ar thraenacha agus busanna
trasteorann ar thóir daoine den dath mícheart: ``Have
you seen any blacks on board?'' an cheist a chuir garda
amháin ar phaisinéirí ar an Enterprise.
I 1996 bhí 1,179 iarrtas ar thearmann polaitiúil ag an
Roinn Dlí agus Cirt. (Níl figiúirí 1997 ar fáil fós.)
Sa bhliain chéanna bhí 5,000 duine ag lorg tearmainn sa
Danmhairg, 6,000 san Ostair agus 128,000 (is ea,
128,000) sa Ghearmáin. Ach in ainneoin a laghad
teifeach a thagann go hÉirinn féach ar an bhfreagairt
histéireach ón Roinn Dlí agus Cirt, le linn aireacht
Nora Owen agus anois faoi Phuinn Foighde O'Donoghue.
Níl de mhíniú ar an histéire mhíréasúnta sin ach meon
ciníoch. Léiríodh an meon sin nuair a chuir an Roinn
iallach ar iarrthóirí ar stádas teifigh dul i scuaine
fhada sa bháisteach ar feadh uaireanta fada. Is fíor
gur gabhadh leithscéal leo faoi sin - go drogallach
agus go déanach - ach ná bí ag súil go gcuirfear pionós
ar na feidhmeannaigh a bhí ciontach nó beidh tú ag
fanacht i bhfad!
Ar ndóigh ní ciníochas na Roinne Dlí agus Cirt amháin
is cúis le polasaí an stáit maidir le teifigh. Tá
Rialtas Bhaile Atha Cliath ceangailte le beartas an
Dúin Eorpaigh atá ciníoch go smior. Níl aon ghrá in
oifigí na Bruiséile do mhuintir na hEorpa Thoir gan
trácht ar an Afraic ná an Aise. Tá an ciníochas go
domhain i mbéascna na Gearmáine, na Fraince agus
Shasana.
Cothaítear cuid den chiníochas atá i ndaoine óga i
mBaile Atha Cliath tríd an teagmháil seachtainiúil a
bhíonn acu le clubshacar Shasana mar a bhfuil an galar
gránna i réim. (Ní mór a rá go bhfuil feachtais
fiúntacha frithchiníochais idir lámha ag cuid de lucht
leanúna an chluiche.)
Seachtain ó shin d'fhógair an Iodáil go bhfáilteoidis
roimh theifigh ba chuma cén dath a bhí orthu.
Láithreach bonn chuir an Ostair in iúl go mbeidis ag
cur bac le saorthaisteal ón Iodáil in ainneoin Chonradh
Shengen.
Cothaíonn an meon oifigiúil comhshaol ina bhfuil an
ciníochas inghlactha. Cuireann polaiteoirí áirithe go
mór leis an gcomhshaol seo os ard agus os íseal. Féach
an buaileam sciath gáirisiúil ó Ivor Callely le déanaí.
Tháinig sé ar aghaidh leis an seanlíomhain faoin uan
bocht ag crochadh ar an líne níocháin!
Deir Ivor gur baol don chultúr Éireannach iad
inimircigh! Níor thug mé riamh faoi deara go raibh Ivor
groí an-ghníomhach i gcur chun cinn an chultúir chéanna
nó an-díograiseach ina chosaint. B'fhéidir gur cultúr
neamh-Angla-Mheiriceánach a chuireann olc air. Is
instealladh ó na cultúir chéanna ceann de na
híocshláintí is mó atá de dhíth ó bhéascna na hÉireann.
Le tamall anuas tá feachtas gránna in aghaidh teifeach
ar siúl ag nuachtáin Independent Newspapers, go
háirithe ag an Evening Herald. Bhíodar siúd i gcónaí
chun tosaigh (nó ar gcúl!) i measc lucht an
fhrithghnímh in Éirinn. Tá an meon á chothú ag an
Herald gur súmairí agus bithiúnaigh iad na teifigh atá
ag crú suimeanna móra airgid ón gcóras leasa sóisialta.
Is iad an dream is mó atá thíos leis an rabharta nua
ciníochais seo an mionlach de mhuintir na hÉireann nach
bhfuil craiceann geal orthu. Deir na hÉireannaigh seo
go mbraitheann siad naimhdeas agus amhras níos mó ná
riamh.
Is den dúriachtanas é an ciníochas a ruaigeadh as saol
na hÉireann sula dtéann sé i neart.
Lainseálann grúpa pobail seirbhís turasóireachta
TA gnó pobail i dTallacht, Cultúr Beo, ag eagrú turas
sna Sléibhte Cill Mhantain chun tuigbheáil níos fearr
ar stair agus nadúr na h-áite a chothú.
Ar bhus macnasach téitear amach i measc na sléibhte ar
Dhomhnacha agus réimse turais trearaithe acu an
cheantar a chur chun cinn mar ceann scríbe
turasóireachta
.Is leis an phobal féin an gnó agus an aidhm aige le
fostaíocht agus oiliúint a fhorbairt sa cheantar.
Ag táille £5 an duine don turas, is féidir dul i
dteagmháil le Chultúr Beo ar (01) 4599159.