Republican News · Thursday 20 February 1997

[An Phoblacht]

Teachtaí ceannasacha SAM in Eirinn

LE MICK NAUGHTON
 
Tá súil agam amach anseo go mbeidh na cainteanna seo cuimsitheach, agus gach páirtí atá mar ionadaíthe ag muintir na hEireann i láthair.

Teachta Comhdhála Ben Gilman, Cathaoirleach an Choiste Teach na dTeachtaí ar Chaidreamh Idirnáisiúnta.


Tháinig teachtaí ceannasacha ó Chomhdháil Stát Aontaithe Mheirceá go Béal Feirste ar an Aoine 14 Feabhra. Bhuail siad le Uachtarán Sinn Féin Gerry Adams agus Leas-Uachtarán an pháirtí Pat Doherty.

Dúirt na teachtaí gur thachaigh siad leis an pháirt a ghlac Sinn Féin sa phroiséas síochána. Ghlac na teachtaí d'aon guth leis an ghá le cainteanna uile-pháirtí agus dúirt siad gur chóir go mbeadh Sinn Féin ann.

Ag seasamh in aice le Adams agus Doherty dúirt an teachta comhdhála Ben Gilman, cathaoirleach an Choiste Teach na dTeachtaí ar Chaidreamh Idirnáisiúnta, gur ghlac sé bona fides cheannairí Sinn Féin. Dúirt Ben Gilman gur thacaigh sé le athnuachan do víosa Gerry Adams chun dul isteach sna Stáit Aontaithe.

In Ostán Dunadry i mBéal Feirste a bhuail Sinn Féin leis na teachtaí. Bhí cainteanna acu chomh maith le ionadaithe ón UUP, SDLP, DUP, UDP agus PUP.

Ag labhairt tar éis an chruinniú chuir Adams polasaí rialtas na Breataine le polasaí Mheirceá. Tá ``doras oscailte'' ag polaiteoirí sna Stáit Aontaithe ach tá ``meon dúnta'' ag rialtas na Breataine. Lean Adams:

``Tháinig na daoine seo ó SAM agus labhair siad le chuile pháirtí. Níl rialtas na Breataine sásta é sin a dhéanamh. Níl siad sásta fiú cruinnithe idir oifigigh rialtias agus Sinn Féin a ligint. Tá gá le polasaí cuimsitheach. Níl sé sin ag rialtas na Breataine.''

Nuair a labhair na meáin cumarsáide le Ben Gilman d'iarr iriseoir amháin air an raibh dul amú ar rialtas na Breataine nuair nár lig siad Sinn Féin isteach sna cainteanna. Dúirt Gilman:

``Tá súil agam amach anseo go mbeidh na cainteanna seo cuimsitheach, agus gach páirtí atá mar ionadaíthe ag muintir na hEireann i láthair.''

D'aontaigh an Teachta Comhdhála ó Nua Eabhrac Peter King leis an méid sin agus dúirt gur chóir do rialtas na Breataine geallúint a thabhairt go ligfear Sinn Féin isteach i fíor-cainteanna uile pháirtí. Déanfadh sé seo éascaíocht do sos chogaidh nua ag Oglaigh na hEireann.

Bhí 17 teachta sa toscaireacht, ina measc James Walsh Cathaoirleach nua-cheaptha ar Chairde na hEireann sa Chomhdháil, agus Peter King, Comh-Cathaoirleach ar Choiste Ad Hoc na Comhdhála ar Chúrsaí Eireannacha.

Tháinig an grúpa díreach go Béal Feirste ó Washington. B'shin an chéad stop i sraith chruinnithe i dtíortha éagsúla san Eorap ar chúrsaí idirnásiúnta.

Bhuail na Meirceánaigh leis an Taoiseach John Bruton agus le ceannaire Fhianna Fáil John Bruton. Chuaigh siad go Londain ar an 16 Feabhra chun bualadh le Leas-Príomh-Aire na Breataine Michael Heseltine agus an Grúpa Phairliminte Angla-Eireannach.

Bhuail na teachtaí leis na príomh-airí i ngach tír a thug siad cuairt air, ach amháin sa Bhreatain. Dúirt urlabhraí John Major nach raibh sé ar fáil.


Eist leis an Macalla

LE EOGHAN MacCORMAIC

Is minic a bhíonn drogall ar an ghnathléitheoir leabhar acadúil - nó leabhar a cheaptar a bheith acadúil - a phiocadh suas ar an ábhar nach `léamh' ach `staidéar' a bheadh mar churam ar intinn an leitheora bhoicht. Agus is minic a bheadh an ceart ag an ghnathleabhar... ach ní i gcónaí a bhíonn an scéal amhalaidh.

Uaireanta, foilsítear leabhar, nó leabhrán, acadúil atá lán d'ábhar leitheoireachta spéisiúla, nach bhfuil túr ná tirim, agus a bhainfeadh duine ar bith tairbhe as: taighde don scoláire, eolas nua ar sean-téamaí do leitheoirí eile. Cuirim, sa chás seo, leabhar mar Dhúchas, mar shampla, a foilsíodh tá ceithre nó cúig bhliain ó shin i dTiobrad Arann - agus a mbeadh fáilte is fiche roimh eagrán eile den tsraith i gconaí; agus anois, cuirim san áireamh chomh maith Macalla 1996-97 a foilsíodh agus a sheoladh an tseachtain seo chuaigh thart i nGaillimh.

`Sé an Cumann Éigse agus Seanchais i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, is údar don leabhar seo agus is é Brian O Conchubhair eagarthóir an eagráin. Tá stair Macalla ag dul siar breis agus fiche bliain, ach mar a admhaíonn O Conchubhair bhí bearna beag de bhlianta - deich gcinn acu, déanta na fírinne - ó foilsíodh an t-eagrán deireannach den iris. Ach b'fhiú an mhoill nó tá eagrán den scoth ann anois le réimse leathan d'ábhar a gcuirfeadh scoláire agus gnáthléitheoir araon spéis ann.

Mic léinn is mó a scríobh agus a rinne taighde de na haltanna atá i Macalla ach tá aistí ó údair eile ann chomh maith. Tá aiste cuimsitheach, 12000 focal, ag Proinsias Mac Aonghusa, ar shaol Mháirtín Uí Chadhain, mar shampla, atá mar phríomhalt na hirise agus is cinnte go dtumfaidh daoine isteach in alt den chaighdeán sin arís agus arís eile nuair atá eolas ar an Chadhnach ag teastail amach anseo.

Máirtín O Cadhain: Poblachtánach agus Soisialach teidéal na haiste sin, agus mar a bheifeá ag dual le halt ó Mac Aonghusa, seachnaítear aon `athscríobh' agus léirítear an Cadhnach dúinn mar a bhí: idéalaí poblachtanach agus soisialach a chur beart le briathar, agus a chaith tamall fada faoi ghlas mar gheall ar a idéalachas. Tabharfaidh aiste Phroinsias Mhic Aonghusa deis do mhic léinn gné eile de shaol an fhir phinn a fheiceáil - gné, is cinnte, nach ndéantar móran tagairt doimhin dó nuair a múintear scríbhínní Mháirtín Uí Chadhain sna coláistí.

Tá léargas ar intinn an fhile ann, i bhfoirm agallaimh le Cathal O Searcaigh, agus is agallamh fada doimhin é gur fiú léamh.

Ach is iad na mic léinn agus saothar na scoláirí a thugann anáil do cholainn liteartha na hOllscoile, agus san eagrán seo níl aon easpa údair nua. Tá aistí ann ar Bhrendan O hEithir le Labhrs O Finneadha, ar Bhéaloideas le Mícheál O Domhnaill, ar Bhanfhilíocht na hAlban le Deirdre Learmont agus aiste leis an eagarthóir féin a scrúdaíonn an cheangail idir Joseph Conrad agus Pádraig O Conaire. Tá altanna eile ann a phléann stadas na Gaeilge agus an Bhunreácht, agus alt a amharcann siar ar shaol Somhairle Mac Gillean a fuair bás anúraidh.

Tá Macalla 1996-97 ar fáil ón Cumann Éigse agus Seanchais, COG, Gaillimh. £3.00 an cóip.


Contents Page for this Issue
Reply to: Republican News